← Bodach an Chóta Lachtna Seo scéal Fiannaíochta ina bhfuil sean saol na págántachta agus an laochais ag bualadh le saol nua na Críostaíochta. 🔊
← Tagann eachtrannach don tír isteach agus é ag iarraidh an áit a chur faoi chíos. 🔊
← Tugann sé dúshlán Fhinn agus socraíonn siad rás idir an t-eachtrannach, Caol Mac an Iarainn, agus an laoch ba fhearr a bhí ag na Fianna. 🔊
← Ba é Caoilte an reathaí ab fhearr acu ach ní raibh sé ar an láthair agus chuaigh Fionn á lorg. 🔊
← Ar an slí bhuail Fionn le fear gioballach, gágach le cosa fada air. 🔊
← Dúirt an strainséir seo go dtabharfadh sé féin faoin rás a bhí le dul ó Shliabh Luachra na Mumhan go Binn Éadair. 🔊
← Insíonn an scéal greannmhar seo faoi na heachtraí a bhain díobh le linn an ráis. 🔊
← Buann laoch na Féinne gan stró agus díbríonn sé Caol an Iarainn as an tír. 🔊
← Faigheann siad amach sa deireadh gurbh é Manannán Mac Lir, Dia na farraige de chuid Tuaithe Dé Danainn, an té a tháinig i gcabhair ar na Fianna. 🔊
← Athchóiriú ar an leagan den scéal a bhí ag Niall Ó Domhnaill atá anseo (Seanchas na Féinne, Oifig an tSoláthait, 1942). 🔊
← Ansin d'inis Caoilte an scéal faoi Bhodach an Chóta Lachtna don lucht éisteachta. 🔊
← Chonaic siad long chucu faoi lánseol thar an bhfarraige anoir. 🔊
← "Is mise Caol an Iarainn, mac Rí na Teastáille," ar sisean go borb. 🔊
← "Ní fhacamar an ghaiscíoch riamh nach raibh fear sna Fianna a chloífeadh é," arsa Conán Maol. 🔊
← "Níl agatsa ach glór amadáin," arsa Caol an Iarainn, "agus dá mbeadh a raibh sna Fianna riamh in éineacht lena bhfuil ann faoi láthair, ní bhfaighfí fear ina measc a chloífeadh mise. 🔊
← Má tá an laoch amháin agaibh atá in ann an lámh in uachtar a fháil ormsa i rith, i gcomhrac nó i gcoraíocht ní dhéanfaidh mé níos mó buartha daoibh ach fillfidh mé ar mo thír féin." 🔊
← "Caoilte Mac Rónáin an fear reatha is fearr atá againn," arsa Fionn, "ach níl sé i láthair. 🔊
← "Maith go leor," arsa Caol an Iarainn. 🔊
← Chonaic sé an fear mór buí ag siúl roimhe agus cóta lachtna síos go colpa ar a dhá chos. 🔊
← Bhí crios dóibe in íochtar a chóta lachtna agus ní raibh aon choischéim dar shiúil sé nár bhuail an t-íochtar dóibe mar a bheadh tonn ar chúl a chosa é agus ní raibh aon uair dá mbogfadh sé a bhróga nach gcuirfeadh sé bairille puitigh suas lena mhása. 🔊
← D'inis Fionn dó go raibh sé ar lorg Chaoilte le dul i gcomórtas rásaíochta le Caol an Iarainn. 🔊
← "Muise is duine gan ríocht thú más é Caoilte Mac Rónain an duine is fearr atá agat", arsa an Bodach, "ach dá nglacfá liomsa chloífinn duit é". 🔊
← Nuair a d'fhill siad ar Bhinn Éadair bhailigh iomlán na bhFéinne thart ar Bhodach an Chóta Lachtna le hiontas agus dúirt Caol an Iarainn nach náireodh sé é féin ag coimhlint lena leithéid de bhodach smeartha. 🔊
← Ach rinne an Bodach gáire garbh a chuir fearg air agus ansin d'aontaigh sé dul sa rás leis ó Shliabh Luachra na Mumhan go Binn Éadair. 🔊
← Tháinig an bheirt acu go Sliabh Luachra le luí na greine agus le tosú sa rás an mhaidin dar gcionn. 🔊
← "B'fhearra dhúinn bothán oíche a dhéanamh dúinn féin", arsa Bodach an Chóta Lachtna. 🔊
← "Ní chuirfidh mise saothar botháin orm féin ar Shliabh Luachra ar mhaithe le hoíche amháin," arsa Caol an Iarainn. 🔊
← "Maith go leor," arsa an Bodach, "déanfaidh mise bothán dom féin, ach is fada amach a bheidh an té nach gcabhróidh liom". 🔊
← Chuaigh an Bodach isteach sa choill agus bhailigh sé adhmaid chun díon a chur suas agus ansin chuir sé luachra air. 🔊
← Ansin chuir sé tine mhór ar urlár an tí. 🔊
← "Ní raibh mé riamh gan lucht freastail le bia a sholáthar dom agus ní rachaidh mé ag seilg le do leithéidse anocht," arsa Caol an Iarainn. 🔊
← "Déan do chomhairle fhéin," arsa an Bodach agus d'imigh sé leis isteach sa choill agus d'ardaigh sé scata de mhuca fiáine. 🔊
← Mharaigh sé an torc ba mhó acu agus thug sé leis ar a dhroim é ar ais go dtí an bothán. 🔊
← Chóirigh sé an fheoil agus chuir sé ar an tine ar bhior í. Chuaigh sé go teach Inse Coinn ansin agus sciob sé leis dhá bhairille fíona agus a raibh de arán san áit. 🔊
← Nuair a d'fhill sé bhí an fheoil rósta. 🔊
← D'ith sé leath an toirc agus leath an aráin agus d'ól sé bairille fíona. 🔊
← Ansin scaip sé brat luachra ar an urlár agus chodail sé go héirí na gréine. 🔊
← Tháinig Caol an Iarainn chuige ar maidin tar éis dó a bheith amuigh ar thaobh an tsléibhe gan bhia gan chodladh agus dhúisigh sé Bodach. 🔊
← Chuimil an Bodach a bhos dá shúile. 🔊
← D'imigh Caol an Iarainn go tromchosach sa rás agus eagla air faoin neamhshuim a rinne an Bodach de. 🔊
← D'éirigh Bodach an Chóta Lachtna nuair a bhí a dhóthain codlata aige. 🔊
← D'ith sé an leath eile den torc agus d'ól sé an bairille eile fíona. 🔊
← Chuir sé cnámh na muice i mbinn a chóta agus d'imigh sé leis sa tóir ar Chaol an Iarainn mar a bheidh gaoth fhuar na Márta ag teacht ón gcnoc. 🔊
← Tháinig se suas le Caol an Iarainn sa tslí agus chaith se an chámh chuige. 🔊
← "Chrocfainn thú, a Bhodaigh, sula n-íosfainn d'fhuílleach," arsa Caol an Iarainn. 🔊
← "Muise ní mór duit deifir a dhéanamh," arsa an Bodach. 🔊
← Chrom sé ansin ar na driseacha a bhí ar an dá thaobh den bhealach agus bhí sé ag ithe sméar go dtí gur tháinig Caol an Iarainn suas leis. 🔊
← "A Bhodaigh," arsa Caol an Iarainn, "d'fhág tú binn do chóta ar na driseacha san áit ar ghabh tú tharam tamall ó shin." 🔊
← Thug an Bodach súil siar ar a chóta agus bhí binn an chóta stróicthe de. 🔊
← "Ní fhanfaidh ná é," arsa Caol an Iarainn. 🔊
← "Muise, gluais leat mar sin," arsa an Bodach agus d'fhill sé sa tslí go bhfuair sé binn a chóta agus d'fhuaigh sé ar ais é. 🔊
← Níor chuir sé cos amú ansin nó gur tháinig sé suas le Caol an Iarainn in athuair. 🔊
← "A Chaoil an Iarainn," ar seisean," ba cheart duit deifir a dhéanamh más maith leat ard-chíos na hÉireann a fháil, mar ní fhillfidh mise arís." 🔊
← Chrom sé ansin ag baint sméar agus nuair a bhí a dhóthain ite aige bhain sé a chóta de, d'fhuaigh sé an t-íochtar nó go ndearna sé sac de agus líon sé go béal é le sméara dubha. 🔊
← Chuir sé an sac ar a ghualainn agus ghluais sé leis go Binn Éadair. 🔊
← Nuair a chonaic sé an fear dubh ag teacht i mbéal an chnoic agus sac an chóta lachtna ar a ghualainn rith sé go Fionn á rá go raibh Caol an Iarainn ag teacht agus an Bodach marbh leis. 🔊
← Chuaigh na Fianna i dtreo an Bhodaigh go dtí gur aithin siad é agus bhailigh siad thart air go lúcháireach. 🔊
← Tá na sméara agam féin ach tugaigí an mhin chugam." 🔊
← Leagadh brat ar an talamh dó agus cuireadh carn mine ina lár. 🔊
← Dhoirt sé an sac sméar isteach sa mhin agus d'ith sé dá lámha é. 🔊
← Níorbh fhada go bhfaca siad Caol an Iarainn chucu, é ar deargbhuile agus a chlaíomh ina láimh. 🔊
← Thóg an Bodach lán a dhoirn den bhia agus thug urchar sa leiceann dó gur chas sé a cheann ar a mhuineál. 🔊
← "A Chaoil an Iarainn," ar seisean, "nárbh olc an mhaise duit a cheapadh go mbeadh ard-chíos Éireann agat! 🔊
← Ar an ábhar sin ligfear d'anam leat má thugann tú an ghrian is an ghealach ort féin cíos na Teasáille a chur chuig Fionn gach bliain." 🔊
← "Beirim grian is gealach orm féin," arsa Caol an Iarainn. 🔊
← Leis sin rug an Bodach ar a chorp, thug síos chun na trá é, d'fhág ina shuí istigh sa long é agus a aghaidh siar ar a dhroim. 🔊
← Ansin thug sé cos i ndeireadh na loinge agus chuir seacht léige i bhfarraige í. Ar filleadh do Bhodach an Chóta Lachtna ón trá las gaoth agus grian ina thimpeall agus d'aithin Fionn agus na Fianna gur Manannán Mac Lir a tháinig i gcabhair orthu. 🔊